Sreabhán ceirbrispíonach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I veirteabraigh, sreabhán soiléir, gan dath gan phróitéiní, a imshruthaíonn i méadailíní na hinchinne, canáil lárnach chorda an dromlaigh, agus an spás fo-aracnóideach. Tugtar CSF air i mBéarla. Timpeallaíonn sé an inchinn is corda an dromlaigh, agus soláthraíonn tacaíocht mheicniúil is cothaithigh dóibh. I ndaoine, bailítear CSF uaireanta (trí pholladh lumbach) le hanailísiú i gcomhair diagnóise. Má bhíonn farasbarr CSF timpeall inchinn an fhéatais is an naíonáin (trí rótháirgeadh nó bac sa chóras imshruthaithe) tarlaíonn hidriceifileas muna ndéantar é a dhraenáil amach.