Máire Ní Chéileachair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMáire Ní Chéileachair
Beathaisnéis
BreithAn Fearann Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, ceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Spotify: 7oPOCLgjxGjyYb82XA3Qqh Musicbrainz: 4b719d98-da35-4b68-a880-3a5af5336f14 Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhránaí ar an sean-nós as Contae Chorcaí í Máire Ní Chéileachair.

Is as an bhFearann i gContae Chorcaí di ó dhúchas. Bhí a thuismitheoirí as Cill na Martra i nGaeltacht Mhúscraí, agus mhúscail siad a suim san amhránaíocht thraidisiúnta agus sa Ghaeilge. Oileadh í mar mhúinteoir i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus d’oibrigh sí i Scoil Ashton i nDúcharraig i ngar do Chathair Chorcaí. Níos déanaí bhí Ní Chéileachair ina léachtóir le hamhránaíocht sean-nóis in UCC. Thosaigh sí ag canadh go poiblí in 1993. Ghlac sí páirt sa chomórtas ag Oireachtas na Samhna den chéad uair in 1997. Bhuaigh sí Corn Mháire Nic Dhonnchadha agus Corn na mBan. Ghnóthaigh sí an dara háit i gCorn Uí Riada seacht n-uaire sular bhuaigh sí an Corn in 2018. Bhronn TG4 gradam “Amhránaí na Bliana” uirthi in 2018 freisin. Tá dhá albam taifeadta aici, agus glacann sí páirt i bhféilte ceoil i dtíortha éagsúla ar fud an domhain, ina measc an Ríocht Aontaithe, an Ghearmáin, an Fhrainc, Ceanada agus na Stáit Aontaithe.[1][2][3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]