Máirín na smeach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ciaróg fhada, dúdhaite de ghnáth. Má bhíonn ciaróg fhásta ar a droim, is féidir léi í féin a chur ar a cosa le gluaiseacht scian claspa a dhéanann smeach ard. Maireann na larbhaí fada sorcóireacha (caochruaí) in ithir ag ithe fréamhacha, agus mar sin is féidir leo a bheith ina lotnaidí suntasacha ar bharra.