Lus na gile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda ilbhliantúil atá dúchasach do dheisceart na hEorpa. Na duilleoga tomach éilipseach, i bpéirí urchomhaireacha mar thruaillí ar an ngas. Na bláthanna i gcinn dhlútha dhingthe, an eipeacailís i 4 chrotal fada, agus an chailís sorcóireach. 5 pheiteal le rufaí, dúdhearg nó bándearg, agus sna foirmeacha don ghairdín, bán, ach go minic breac nó stríocach.