Ludwig II na Baváire
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Ludwig Friedrich Wilhelm II | |
|---|---|
| Rí na Baváire | |
| Réimeas | 10 Márta 1864-13 Meitheamh 1886 |
| Dáta breithe | 25 Lúnasa 1845 |
| Áit bhreithe | München |
| Dáta báis | 13 Meitheamh 1886 |
| Áit bháis | Loch Starnberg, An Bhaváir |
| Réamhtheachtaí | Maximilian II |
| Comharba | Otto |
| Rítheaghlach | Wittelsbach |
Ludwig (Laoiseach) Friedrich Wilhelm II (25 Lúnasa, 1845 – 13 Meitheamh, 1886), Rí na Baváire; tugadh na leasainmneacha Mad King Ludwig (Laoiseach Craiceáilte) air as Béarla agus Märchenkönig (Rí na bhFinnscéalta) air as Gearmáinis. Bhí sé ina rí ó 1864 go dtí go bhfuair sé bás. Tá clú agus cáil air mar gheall ar an mbealach aisteach a bhí leis, agus mar go raibh an-suim aige i gcaisleáin ar stíl na Meánaoise, amhail Neuschwanstein, a spreag an tsamhlaíocht don chaisleán in 'Sleeping Beauty' ag Disneyland. Tar éis a bháis, thángthas ar phleananna dá lán caisleán eile nár thóg sé. Is é a bhí ina Rí ar an mBaváir nuair a aontaíodh an Ghearmáin in aon tír amháin sna 1870idí, agus ní ró-shásta a bhí sé faoi ach oiread.