Litreoir
Tugann litreoir (nó seiceálaí litrithe uaireanta) cabhair do dhaoine fadhbanna litrithe a aimsiú agus a cheartú ar ríomhaire, mar shampla, botúin sna claochluithe tosaigh, focail mhílitrithe, srl. Is bogearraí áirge é.
Is féidir le roinnt ríomhchlár botúin ghramadaí a cheartú freisin. Tugtar gramadóir (nó seiceálaí gramadaí) ar a leithéid sin.
Tá teangacha an duine i bhfad róchasta chun gur féidir le ríomhairí iad a thuiscint ina n-iomláine. Mar sin, níl aon 'litreoir' nó gramadóir foirfe, agus ba chóir an téacs a léamh go cúramach fiú tar éis dóibh dul trí litreoir/gramadóir. [1].
Clár ábhair |
[athraigh] Litreoirí as Gaeilge
[athraigh] GaelSpell, litreoir "foinse oscailte"
Tá GaelSpell ar fáil saor in aisce ón mbliain 2000[2].
Is ríomhchlár "foinse oscailte" é GaelSpell, ar fáil faoin cheadúnas GPLv2. Tá an bunchód go léir ar fáil ó shuíomh forbartha ag Google Code. Mar sin is féidir GaelSpell a úsáid ar gach cineál córais: Linux, Mac OS, is mar sin de. Oibríonn GaelSpell chomh maith laistigh de Mozilla Firefox, OpenOffice srl. Agus dá bhrí sin, tá na Vicipéideoirí in ann úsáid a bhaint as litreoir Gaeilge i bhFirefox, agus é saor in aisce[3].
[athraigh] Anois (GaelSpell) do Microsoft Word ar PC
Tá breisiú de Gaelspell ar fáil do Microsoft Word 2010 agus Windows 7 srl, Anois, le litreoir agus gramadóir san áireamh. Ach níl an leagan seo saor in aisce [4].
[athraigh] MacLitriú
Is litreoir Gaeilge é MacLitriú do Mac OS X[5]. Tá na foclóirí in MacLitriú bunaithe ar GaelSpell, cosúil le Anois. Oibríonn MacLitriú i ngach feidhmchlár a bhaineann úsáid as an tseirbhís litrithe i Mac OS X. Oibríonn sé le Safari, iWork, TextEdit, iChat, srl. Níl an leagan seo saor in aisce, ach níl sé costasach.
[athraigh] Gramadóir, leagan líonra
Is litreoir é freisin ach ‘sé “Gramadóir” an teideal. Tá “An Gramadóir”, bunaithe ar GaelSpell, le fáil tríd chomhéadan idirlín.[6] Is saorbhogearra an ríomhchlár seo. Ó 2006 an nuashonrú is deireanaí áfach.
[athraigh] Microsoft Word (2003)
Tá litreoir Gaeilge fós ar fáil do Microsoft Office Word 2003 agus Office XP (Office 2002). Ó 2002 an nuashonrú is deireanaí áfach. Ach tá an clár seo fós le fáil saor in aisce ó Microsoft[7]. Ní oibríonn an leagan seo le Office 2007 agus níos déanaí[8].
[athraigh] Stair
Is é Kevin P. Scannell ó Ollscoil Saint Louis a scríobh GaelSpell sa bhliain 2000[9]. Tá Gaelspell bunaithe ar fhoclóir Uí Dhomhnaill. Bhí os cionn 330,000 iontráil i GaelSpell sa bhliain 2011. Bhunaigh Kevin P. Scannell an chéad leagan de GhaelSpell ar chorpas Gaeilge déanta as an Peintiteoch agus as na ceithre Shoiscéal as Bíobla Maigh Nuad (a bhí le fáil ar dhlúthcheirnín). Bhain sé tairbhe freisin as téacsanna ó fhoilseacháin ar líne: An Teanga Bheo, Lá, agus Foinse.
[athraigh] Féach freisin
[athraigh] Tagairtí
- ↑ Chun litreoir a chur chun cinn, an gnáth-bhunstraitéis atá ann ná liosta ceannfhocal le heolas gramadúil a chruinniú i mbunachar sonraí. Seo é an modh a lean Kevin P. Scannell. Ansin scríobhann innealtóirí ríomhchlár a tháirgeann gach uile fhoirm infhillte de na hainmfhocal, de na briathra, agus de na haidiachtaí. Tuilleadh eolais ar borel.slu.edu/ispell
- ↑ Ní raibh Gaelspell an chéad litreoir as Gaeilge. Dar le Kevin P. Scannell, i rith 1997-1998, scríobh Alastair McKinstry ispell-ga, clár a bhí cosúil le ispell-gaeilge.
- ↑ Beo, Eagrán 39, Iúil 2004
- ↑ cruinneog.com
- ↑ snasta.ie
- ↑ Nasc chuig ˈˈGramadóirˈˈ
- ↑ Íoslódáil Irish Proofing Tools for Office XP ó láithreán gréasáin Microsoft
- ↑ NUI Gaillimh - Acmhainní Gaeilge don ríomhaire
- ↑ http://borel.slu.edu/index.html
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Cruinneog.com
- Ceart (cruinneog) ar nuacht RTE
- Acmhainní Gaeilge don ríomhaire – Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
- Microsoft Ireland