Feidhmchláir aistriúcháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is brí le feidhmchláir aistriúcháinfeidhmchlár ríomhaireachta a úsáidtear mar chabhair chun aistriúchán a dhéanamh idir teangacha éagsúla. Cruthaíonn an t-aistritheoir daonna foinsetheanga agus sprioctheanga, agus de réir mar a bhíonn aistriúchán á dhéanamh coinnítear taifead i gcuimhne an ríomhaire de na téarmaí a úsáidtear san aistriúchán, ionas gur féidir leis an aistritheoir an t-ábhar céanna a úsáid arís agus aistriúchán nua idir lámha. Briseann an feidhmchlár an téacs ina bhlúirí, abairtí nó altanna a éascaíonn obair an aistritheora agus cuartaíonn sé a chuimhne le teacht ar ábhar atá mar an gcéanna leis nó cosúil leis. Más féidir meaitseáil iomlán a dhéanamh déanfaidh an ríomhaire an t-aistriúchán nó cuirfidh sé moladh ar fáil de réir an chéatadáin meaitseála atá socraithe ag an úsáideoir. Dá mhéad oibre a dhéantar leis an bhfeidhmchlár is ea is cruinne a bhíonn sé, agus is féidir leis an aistritheoir a tháirgiúlacht a mhéadú dá réir.