Litríocht na Laidine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

 

Gearradh adhmaid ag taispeáint Cicearó ag scríobh a chuid litreacha. Is mionsonra í an íomhá seo ó leathanach 329 de Cicero, Epistulae ad familiares (“Litreacha chuig a chairde”), ó eagrán luath a chlóbhuail Hieronymus Scotus (alias Girolamo Scoto) i 1547 sa Veinéis (Venezia, an Iodáil).

Cuimsíonn Litríocht na Laidine na haistí, na startha, na dánta, na drámaí, agus na scríbhinní eile a scríobhadh sa Laidin. Téann tús litríocht fhoirmiúil na Laidine siar chomh fada le 240 RC, nuair a léiríodh an chéad dráma stáitse sa Laidin sa Róimh. Bheadh borradh faoi litríocht na Laidine as seo go ceann sé chéad bliain eile. Is féidir ré chlasaiceach litríocht na Laidine a roinnt, a bheag nó a mhór, sna tréimhsí seo a leanas: Luathlitríocht na Laidine, An Ré Órga, An Tréimhse Impiriúil agus An tSeandacht Dhéanach.

Ba í an Laidin teanga na sean-Rómhánaigh chomh maith le bheith mar lingua franca Iarthar agus Láir na hEorpa feadh na Meánaoise . Saothar na n-údar Rómhánach, mar Cicearó, Virgil, Óivid agus Horáit, is ea litríocht na Laidine, ach áirítear léi freisin saothar scríbhneoirí na hEorpa tar éis thitim na hImpireachta; idir scríbhneoirí creidimh cosúil le Tomás Acain (1225 -1274), agus scríbhneoirí saolta cosúil le Francis Bacon (1561 -1626), Baruch Spinoza (1632 -1677), agus Isaac Newton (1642–1727).

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litríocht na Laidine luathmaidir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur tháinig forbairt leanúnach ar litríocht na Laidine ar feadh na gcéadta bliain, cuireadh tús le litríocht fhoirmiúil na Laidine le taibhiú rialta coiméide agus tragóidí sa Róimh sa bhliain 240 RC, bliain amháin tar éis don Chéad Chogadh Púnach a bheith críochnaithe. [1] Chuir Livius Andronicus, príosúnach cogaidh Gréagach a tugadh chun na Róimhe ina sclábhaí in oiriúint do na coiméide agus na tragóidí tosaigh seo ó dhrámaíocht Ghréagach. D'aistrigh Andronicus Odaisé Hóiméir go Laidin ag baint úsáide as foirm thraidisiúnta véarsaí Laidine ar a dtugtar méadar Satarnach . Sa bhliain 235 R.Ch., lean Gnaeus Naevius, saoránach Rómhánach, leis an traidisiún seo maidir le drámaí a tháirgeadh a bhí ina n-athoibrithe de bhunleaganacha Gréagacha, nó fabula palliata, nó tragóidí a tháirgeadh bunaithe ar mhiotais agus stair na Róimhe, ag tosú sa bhliain 222 RC. Níos déanaí sa saol, chum Naevius dán eipiciúil i méadar Satarnach ar an gcéad Chogadh Púnach, inar throid sé.. [2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. George Eckel Duckworth (1994). "The nature of Roman comedy: a study in popular entertainment". University of Oklahoma Press. ISBN 9780806126203. 
  2. Warmington (1936). "Remains of Old Latin: Livius Andronicus, Naevius, Pacuvius and Accius": ix-xvii. Harvard University Press.