Liopardchat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ball de chlann na gcat, atá dúchasach d'oirthear na hÁise agus na hoileáin amach ón gcósta ansin é an Liopardchat. An cat fiáin is coitinne in oirdheisceart na hÁise. Dath éadrom air, barra dorcha is spotaí. Áitríonn sé coillearnach, agus itheann mamaigh bheaga, éin, péisteanna, is éisc. Snámhann sé go maith.