Lindsay Lohan
| Lindsay Lohan | |
|---|---|
| Lohan sa bhliain 2007 | |
| Ainm breithe | Lindsay Dee Lohan |
| Breith | 2 Iúil, 1986 |
| Nua-Eabhrac | |
| Náisiúntacht | Meiriceánach |
| Gníomhach | 1996 - anois |
Is aisteoir, amhránaí agus dearthóir luiteoga í Lindsay Lohan. Rugadh í ar 2 Iúil 1986 i gCathair Nua Eabhrac. Bhain sí cáil amach mar pháiste sa scannán Disney The Parent Trap.
Nuair a bhí sí ina déagóir bhí rólanna móra le rá aici ar nós Freaky Friday (2003) le Jamie-Lee Curtis agus a scannán is cáiliúla, Mean Girls (2004). Le déanaí bhí mionpháirt aici sa sraith teilifíse Ugly Betty.
Tá dúil aici sa cheol freisin - d'eisigh sí a céad albam, darbh ainm Speak, i 2004 agus a dara albam, A Little More Personal (Raw), an bhliain dar gcionn. Tá a tríú albam, Spirit in the Dark, le teacht amach sa bhliain 2009.
Is pearsanta conspóideach í Lindsay i Hollywood de bharr a meáchan, coimhlint lena hathair, saol sóisialta fián, troideanna le daoine cáiliúla eile agus a caidreamh le Samantha Ronson, DJ Sasanach.
Scannáin [athraigh]
| Scannáin | |||
|---|---|---|---|
| Bliain | Teideal | Ról | Nótaí |
| 1998 | The Parent Trap | Hallie Parker / Annie James | |
| 2003 | Freaky Friday | Anna Coleman | |
| 2004 | Confessions of a Teenage Drama Queen | Mary Elizabeth "Lola" Step | |
| Mean Girls | Cady Heron | ||
| 2005 | Herbie: Fully Loaded | Maggie Peyton | |
| 2006 | Just My Luck | Ashley Albright | |
| A Prairie Home Companion | Mary Elizabeth "Lola" Johnson | ||
| Bobby | Diane | ||
| The Holiday | Féin | Caimeo | |
| 2007 | Chapter 27 | Jude | |
| Georgia Rule | Rachel Wilcox | ||
| I Know Who Killed Me | Aubrey Fleming / Dakota Moss | ||
| 2009 | Labor Pains | Thea Dixon | |