Dubai
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Dubai ' إمارة دبيّ' |
|
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Éimíríocht: | Dubai |
| Éimír: | Mohammed bin Rashid Al Maktoum |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 4,114 km² |
| Daonra: | 2,261,995 |
| Dlús daonra: | 408.18/km² |
| Crios ama: | UTC+4 |
| www.dubai.ae | |
Cathair mhór is ea Dubai in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Is é Mohammed Bin Rashid Al Maktoum rialtóir Dubai. Is cathair shaibhir í. 1,422,000 an daonra a bhí ag Éimíríocht Dubai i 2006, níos mó ná ceann ar bith eile in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.
[athraigh] Eacnamaíocht
Tá eacnamaíocht laidir ag Dubai. Thosaigh sì le peitrilliam agus gás nádúrtha. Tá trádáil, monaraíocht, turasóireacht agus seirbhísí airgeadais níos tábhachtaí anois, áfach.
[athraigh] Tíreolaíocht
Tá an chathair suite ar chósta an Aontais, in aice le Murascaill na Peirse. Clúdaíonn éimiríocht Dubai 4114km². Tá Dubai suite i bhFásach na hAraibe, agus is te an aeráid atá ag an éimiríocht.
[athraigh] Stair
Sa 19ú h-aois, bhunaigh clann Al Abu Falasa éimiríocht Dubai. Cleithiúnaí Abu Dhabi ab ea Dubai go dtí 1833, nuair a tháinig clann Al Maktoum go Dubai ó Abu Dhabi. Cuid d’Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha ab ea Dubai ó 1971 ar aghaidh, nuair a d’fhág a cosantóir, an Ríocht Aontaithe, Murascaill na Peirse.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.