Fásach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cuid d'Fhásach an tSahára san Afraic.
Fásach san Atacama.

I dtíreolaíocht, is éard atá i bhfásach ná sórt tíre nó réigiún a fhaigheann an-bheagán titim uisce. Tugtar gaineamhlach ar fhásach atá déanta as gaineamh. Mar gheall ar seo, bíonn an cháil ar fhásaigh nach féidir leo mórán beatha a choinneáil. I gcomparáid le réigiúin níos fliche féadann seo a bheith fíor, ach nuair a scrúdaítear níos doimhne iad, is minic a chosnaíonn na fásaigh saibhreas beatha a fhanann i bhfolach (go háirithe i rith an lae) chun taiseacht a choinneáil. Is fásach tuairim agus trian de dhromchla an domhain.

I bhfásach, bíonn a lán plandaí ar féidir leo uisce a choinneáil ar feadh blianta le héabhlóid. Bíonn craiceann céireach trom orthusan, agus stór mór uisce ina nduilliúr trom. Feictear é seo le cachtaisí, aigéiv agus aló íceach, mar shamplaí, ar nós plandaí áirithe cois mara in Éirinn, a chaitheann t-uisce a choinneáil nuair a imíonn an uisce tríd an ghaineamh go mear.

Fásach sa Bhruach Thiar, an Phalaistín