Líon (planda)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda caol ceartingearach bliantúil a fhásann 60 cm ar airde. Na duilleoga caol. Na bláthanna líonmhar gorm, timpeall 3 cm ar leithead, le 5 pheiteal leata. Is capsúl le cuid mhaith síolta an toradh. Ní fios cérb as dó, ach fástar é ar fud na réigiún measartha is fothrópaiceach i gcomhair snáithíní lín don línéadach, agus ola rois ó na síolta.