Léigear Ambasáid na hIaráine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLéigear Ambasáid na hIaráine
Íomhá
Map
 51°30′06″N 0°10′19″W / 51.501705555556°N 0.17199444444444°W / 51.501705555556; -0.17199444444444
Cineálgéarchéim giall
léigear de ambasáid Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid descarúnachas Arabach in Khuzestan agus Thatcherism (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse30 Aibreán - 5 Bealtaine 1980
Dáta na bliana5 Bealtaine 1980 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhSouth Kensington, England Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na rannpháirtithe6
26 Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
SpriocAmbasáid na hIaráine, Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna2
5 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe2 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na ngabhálacha
1 Cuir in eagar ar Wikidata

Tharla léigear Ambasáid na hIaráine idir an 30 Aibreán agus an 5 Bealtaine 1980, nuair a rinne seisear fear armtha ionsaí ar Ambasáid na hIaráine ar Gheata an Phrionsa in South Kensington, Londain. Arabaigh de chuid na hIaráine ab ea na gunnadóirí, i mbun feachtais ar son neamhspleáchas Chúige Khuzestan in oirthear na hIaráine. Ghabh siad 26 duine mar ghialla, ina measc, foireann na hambasáide, roinnt cuairteoirí, agus póilín amháin a bhí ar garda ar an ambasáid. D’éiligh siad go scaoilfí príosúnaigh in Khuzestan saor, agus go bhfaighfidís coimirce aistir as an Ríocht Aontaithe. Chinn rialtas na Breataine láithreach nach gceadófaí coimirce aistir as an tír, agus thosaigh an léigear mar thoradh air sin. Tar éis tamaill, chuir foireann idirbheartaíochta na bpóilíní ina luí ar na gunnadóirí cúig ghiall a ligint saor, agus mar chomhghéilleadh, craoladh éilimh na ngunnadóirí ar theilifís na Breataine.

Faoin séú lá den léigear, bhí na gunnadóirí ag éirí níos mífhoighní faoin easpa dul chun cinn maidir lena gcuid éileamh. An tráthnóna sin, mharaigh siad giall agus chaith siad a chorp amach as an ambasáid. Chuir an Aersheirbhís Speisialta (SAS), reisimint fórsaí speisialta de chuid Arm na Breataine, tús le “Oibríocht Nimrod” chun na gialla eile a tharrtháil. Tháinig siad anuas ón díon ar rópaí agus bhris siad isteach trí na fuinneoga. Mhair an ruathar 17 nóiméad. Tharrtháil an SAS na gialla seachas duine amháin, agus mharaigh siad cúigear as an seisear gunnadóirí. Chaith an gunnadóir eile a tháinig slán as an ruathar 27 bliain i bpríosúin sa Bhreatain.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]