Léasar leathsheoltóra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Léasar bídeach, chomh beag le gráinne salainn, atá tábhachtach i dteileachumarsáid le snáithíní optúla agus athsheinnteoirí dlúthdhiosca. Tarlaíonn astú solais de bharr seoladh srutha leictrigh trí cheapaire de chisil ábhar leathsheoltach. Léiríodh sampla simplí de den chéad uair i 1962. Braitheann cumarsáid optúil ar léasair a fheidhmíonn sa gharinfridhearg ag tonnfhaid 1-2 μm. Rinneadh léasair leathsheoltóra a d'fheidhmigh ar thonnfhaid ghorma den chéad uair i 1995, agus léasair a tháirg solas ultraivialait den chéad uair i 1996. Is féidir iad seo a úsáid chun córais optúla stórála sonraí le toilleas ollmhor a tháirgeadh. Fionnadh léasair a bhí bunaithe ar chascáid chandamach i 1994, atá in ann i bhfad níos mó léasarchumhachta a ghiniúint ná gnáthléasair leathsheoltóra.