Toilleas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Méid FisiciúilToilleas
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata


Tomhas ar chumas córais lucht leictreach a stóráil. Úsáidtear an tsiombail C chuige, agus aonaid farad (F). I dtoilleoir ar ceapaire é, déanta as dhá phláta chomhthreomhara miotail is ciseal ábhair inslithe, aer, páipéar, míoca nó ábhar ceirmeach eatarthu, is é toilleas an toilleora seo an méid luchta a stóráiltear ar cheann de na plátaí (i gcúlóim, Q), roinnte ar an difríocht poitéinsil idir na plátaí (i voltaí, V)—is é sin, C = Q/V. I gciorcaid leictreonacha phraiticiúla, is i micreafaraid (μF nó 10-6 F) nó fiú piceafaraid (pF nó 10-12 F) a bhíonn na toillis.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Toilleas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 666.