Láidreacht alcóil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tomhas ar an méid alcóil i ndeoch alcólach. Is é an tomhas is coitianta anois céatadán an toirt eatánóil. Mar shampla, bíonn 12% eatánóil i bhfíon dearg de ghnáth, arb ionann é is 90 ml i ngnáthbhuidéal. Is é an profa an tomhas a bhíodh in úsáid, tomhas an eatanóil i dtaca leis an tomhas chéanna ar bhiotáille profa caighdeánach. Sa bhiotáille profa bíonn 57.07% eatanóil, agus mar sin, is ionann profa 70°, mar a bheadh in uisce beatha, is neart 0.70 × 57.07 = 40%.