Kraków
| Kraków | |
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Cúige (Województwo): | Małopolskie |
| Méara (Prezydent miasta): | Jacek Majchrowski |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 327 km² |
| Daonra: | 754,626 (2009) |
| Dlús daonra: | 2,307.72/km² |
| www.krakow.pl | |
Is é Kraków, an dara chathair is mó agus ceann de na cathracha is sine sa Pholainn agus is lárionad turasóireachta é. Tá a dhúiche lárnach stairiúil aitheanta mar Shuíomh Oidhreachta Domhanda, an chéad cheann dá leithéid. Tá sé suite ar an abhainn Vistula (Polainnis: Wisła) i réigiún na Polainne Beaga (Polainnis:Małopolska). Téann stair na cathrach ar ais go dtí an 7ú haois. Go traidisiúnta, bhí Kraków ar cheann de na príomhionaid i saol acadúil, cultúrtha agus ealaíonta na Polainne, agus tá sé ar cheann de na hionaid eacnamaíochta is tábhachtaí sa tír. Ba phríomhchathair na Polainne é ó 1038 go dtí 1596, príomhchathair Ard-Diúcacht Kraków idir 1846 go dtí 1918, agus príomhchathair Województwo krakowskie (roinn riaracháin) ón 14ú haois go dtí 1999. Is príomhchathair an réigiúin Województwo małopolskie anois é.
Naisc sheachtracha [athraigh]