Kofi Annan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Kofi Annan
Kofi Annan.jpg

In oifig
1 Eanáir 19971 Eanáir 2007
Réamhtheachtaí: Boutros Boutros-Ghali
Comharba: Ban Ki-moon

Dáta breithe 8 Aibreán 1938
  Kumasi, Gána
Céile Nane Maria Anna

Is taidhleoir ó Ghána é Kofi Atta Annan (rugadh 8 Aibreán 1938), a bhí ina Ard-Rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe idir 1 Eanáir 1997 agus 31 Nollaig 2006, an seachtú ceann. Is comharba ar Boutros Boutros-Ghali ón Éigipt é agus is é an chéad Ard-Rúnaí ón Afraic Ghorm. Ceapadh é ina Ard-Rúnaí ar an 13 Nollaig 1996 agus thosaigh sé a chéad téarma ar an 1 Eanáir 1997. Bronnadh an Duais Nobel don tSíocháin ar Annan agus na Náisiúin Aontaithe le chéile ar an 10 Nollaig, 2001, mar gheall ar a gcuid oibre ar son domhan níos eagraithe agus níos síochánta.

Tháinig Ban Ki-moon ón gCóiré Theas i gcomharba ar Annan ar 1 Eanáir, 2007.