Boutros Boutros-Ghali

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Boutros Boutros-Ghali
Boutros Boutros-Ghali in Davos.JPG
Boutros Boutros-Ghali sa bhliain 1995

In oifig
1 Eanáir 19921 Eanáir 1997
Réamhtheachtaí: Javier Pérez de Cuéllar
Comharba: Kofi Annan

Dáta breithe 14 Samhain 1922
  Caireo, an Éigipt
Céile Leia Maria Boutros-Ghali

Is taidhleoir Éigipteach é Boutros Boutros-Ghali (Araibis: بطرس بطرس غالي) a rugadh i gCaireo ar an 14 Samhain 1922. Bhí sé ina Ard-Rúnaí ar na Náisiún Aontaithe idir 1992 agus 1997. Mac le Boutros Ghali atá ann, Príomh-aire na hÉigipte ó 1908 go dtí gur fheallmharíodh é sa bhliain 1910.

Cuimhnítear ar théarma Ghali mar Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe mar cheann conspóideach, ós rúd é gur theip ar an eagraíocht dul i ngleic leis an gcinedhíothú i Ruanda, an cogadh cathartha in Angóla agus na cogaidh san iar-Iúgslaiv.

Is eisean an t-aon Ard-Rúnaí nár bhain an dara téarma amach.