Knut Hamsun

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Knut Hamsun (ina dhéagóir sa bhliain 1874)

Scríbhneoir cáiliúil de chuid na hIorua ab ea Knut Hamsun (rugadh 4 Lúnasa 1859 i Vågå agus d'éag 19 Feabhra 1952 i Nørholm). Bhain sé Duais Nobel don litríocht sa bhliain 1920.

A Shaol[athraigh | edit source]

Rugadh é mar Knud Pedersen, an ceathrú páiste ag Peder Pedersen agus Tora Olsdatter. Tógadh ar an ngannchuid é agus in aois seacht mbliana déag dó thosaigh sé mar phrintíseach le tógálaí. Is thart faoin am seo is ea a chrom sé ar ag scríobh. Sul i bhfad chuaigh sé ar imirce go SAM agus do shaothraigh sé a bheatha ar iliomad slite éagsúla ar feadh roinnt blianta. Rinne sé cur síos ar an tréimhse seo sa leabhar Fra det moderne Amerikas Aandsliv a foilsíodh sa bhliain 1889. Sa bhliain 1890 is ea a foilsíodh an t-úrscéal aitheanta den ainm Sult (Ocras) faoi lá i saol bochtán i gChristiania (Osló). Deirtear go raibh tionchar ag an leabhar seo ar James Joyce agus é ag scríobh Ulysses.

Phós sé Bergljot Goepfert sa bhliain 1898, ach scar siad sa bhliain 1906. Trí bliana ina dhiaidh sin phós sé Marie Andersen agus bhí sise ina leathbhádóir aige as sin amach. Bhreac sise síos mionchuntas ar a shaol le chéile i gcín lae a choimeád sí i rith a saoil le chéile. Aisteoir chumasach a bhí inti ach d'fhág sí slán leis an ardán lena a saol a chaitheamh le agus ar shon a céile. Thuill sí cáil mar scríbhneoir cruthaíoch don aos óg. Sa bhliain 1918 chuir an lánúin fúthu i Nørholm, idir Lillesand agus Grimstad. Bhí áit bhuan anseo acu, rud a chuir ar chumas Hamsun díriú isteach ar a chuid scríbhneoireachta, ach dár ndóigh rinne sé neart taistil ó am go chéile, in ainneoin sin.

Bhí an-mheas aige ar na Gearmánaigh riamh. Thug sé tacaíocht dóibh i rith an Dara Chogaidh Dhomhanda, agus d'áitigh sé ar mhuintir na hIorua glacadh leis an arm Ghearmánach mar fhuascailteoirí, rud a d'fhág gur cuireadh in ospidéal mheabhar ghalair é sna blianta 1945-8 ag deireadh an chogaidh agus lag intinne curtha ina leith. Cuireadh ar triail é ar chúiseanna tréasa ach níor ciontaíodh é. Scríobh sé leabhar faoin eachtra seo chun léiriú go soiléir nach raibh leigheas intinne air.

Shíothlaigh sé in aois 92 bliana dó sa bhliain 1952 ina theach féin i Nørholm.

A Shaothar[athraigh | edit source]

  • Den Gaadefulde (1877)
  • Et Gjensyn (1878)
  • Bjørger (1878)
  • Lars Oftedal (1889)
  • Fra Det Moderne Amerikas Aandsliv (1889)
  • Sult (1890)
  • Mysterier (1892)
  • edaktør Lynge (1893)
  • Ny Jord (1893)
  • Pan (1894)
  • Ved Rigets Port (1895)
  • Livets Spil (1896)
  • Siesta (1897)
  • Aftenrøde (1898)
  • Victoria (1898)
  • Munken Vendt (1902)
  • Kratskog (1903)
  • Dronning Tamara (1903)
  • I Æventyrland (1903)
  • Det Vilde Kor (1904)
  • Sværmere (1904)
  • Stridende Liv (1905)
  • Under Høststjærnen (1906)
  • Benoni (1907)
  • Rosa (1908)
  • En Vandrer Spiller Med Sordin (1909)
  • Livet Ivold (1910)
  • Den Siste Glæde (1912)
  • Børn Av Tiden (1913)
  • Segelfoss By (1915)
  • Markens Grøde (1917)
  • Sproget i Fare (1918)
  • Konerne ved Vandposten (1920)
  • Siste Kapitel (1923)
  • Landstrykere (1927)
  • August (1930)
  • Men Livet Lever (1933)
  • Ringen Sluttet (1936)
  • Artikler i Utvalg (red: Francis Bull) (1939)
  • Paa Gjengrodde Stier (1949)