Kai Siegbahn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Kai Mann Börje Siegbahn)
Kai Siegbahn, 1981

Fisicí a rugadh i Lund na Sualainne, mac le Karl Siegbahn, ab ea Kai Mann Börje Siegbahn (20 Aibreán 191820 Iúil 2007). Rinne sé taighde bunúsach ar idirghníomhú X-ghathanna le hábhair, agus shaothraigh an speictreascópacht leictreon i gcomhair anailíse ceimicí, teicníocht chumasach chun fuinneamh leictreon timpeall ar adaimh i solaid, leachtanna is gáis a thomhas is a scrúdú. Roinn sé Duais Nobel sa bhfisic le Arthur Schawlaw is Nicolaas Bloembergen sa bhliain 1981 as.