Nicolaas Bloembergen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh i nDordrecht na hOllainne is a d'oibrigh sna Stáit Aontaithe is ea Nicolaas Bloembergen (1920-). Rinne sé taighde bunúsach ar athshondas núicléach maighnéadach, feabhsú an mhéasair is an léasair, agus speictriméadaracht le léasair. Roinn sé Duais Nobel sa bhfisic le Arthur Schawlaw is Kai Siegbahn i 1981 as a shaothar ar léasair.