Julien Gracq

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJulien Gracq
Beathaisnéis
Breith(fr) Louis Poirier
27 Iúil 1910
Saint-Florent-le-Vieil, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Nollaig 2007
97 bliana d'aois
Angers, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaSaint-Florent-le-Vieil Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/sílycée Georges-Clemenceau
École normale supérieure
Lycée Henri-IV
École Libre des Sciences Politiques Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilagregation of history and geography (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan Fhraincis
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, file, drámadóir, úrscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirUniversity of Caen Normandy (en) Aistrigh
lycée Georges-Clemenceau
lycée Claude-Bernard
Lycée La Tour d'Auvergne (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraÚrscéal, aiste agus léirmheastóireacht liteartha
Mac/iníon léinn de chuidAlain
Mac/iníon léinnMichel Loirette
Ainm cleiteJulien Gracq Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis
Gairm mhíleata
Céim mhíleataleifteanant Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0333506 Find a Grave: 23529748 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Francach ab ea é Julien Gracq, nó Louis Poirier de réir a theastais bhreithe. Ar an 27ú lá d'Iúil sa mbliain 1910 a rugadh é, i Saint-Forent-le-Vieil, áit atá suite insa ndépartement Maine-et-Loire, agus do fuair sé bás in Angers ar an 22ú lá de Mhí na Nollag sa mbliain 2007.

Scriobh Gracq idir úrscéalta, aistí fén litríocht, agus filíocht. Cé gur chuir daoine mór le rá, André Breton ina measc, spéis i saothar Ghracq ón am gur foilsíodh a chéad leabhar, Au château d'Argol, dob é an t-úrscéal Le Rivage des Syrtes a chuir i mbéal an phobail é - ní hamháin de bharr an leabhair é féin ach toisc gur dhiúltaigh Gracq don nDuais Goncourt, an duais liteartha is iomráití sa bhFrainc, nuair a moladh sa mbliain 1951 dó í.

Tar éis dó droim láimhe a thabhairt leis an scríbhneoireacht liteartha, scríobhadh sé leabhair ina meascadh sé cuimhní cinn, blúiríní dírbheathaisnéiseacha, smaointe fén litríocht agus fén dtíreolaíocht.

Tá Gracq ar dhuine desna scríbhneoirí is tábhachtaí de litríocht na Fraince den 20ú haois, a chuid saothar aistrithe go breis is fichead teanga agus an iliomad staidéar déanta orthu ag acadóirí ar fud na cruinne.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Au château d’Argol, 1938 (úrscéal)
  • Un beau ténébreux, 1945 (úrscéal)
  • Liberté grande, 1947 (filíocht)
  • Le Roi pêcheur, 1948 (dráma)
  • André Breton, quelques aspects de l’écrivain, 1948 (critic)
  • Le Rivage des Syrtes, 1951 (úrscéal)
  • Prose pour l’Etrangère, 1952
  • Penthésilée, 1954
  • Un balcon en forêt, 1958 (úrscéal)
  • Préférences, 1961
  • Lettrines, 1967
  • La Presqu’île, 1970
  • Lettrines II, 1974
  • Les Eaux Etroites, 1976
  • En lisant en écrivant, 1980
  • La Forme d’une ville, 1985
  • Autour des sept collines, 1988
  • Carnets du grand chemin, 1992
  • Entretiens, 2002