John Walker

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí a saolaíodh i Halifax Shasana is ea John E. Walker (1941-). Rinne sé taighde, lena chomhghleacaí Paul Boyer, ar mheicníocht na heinsíme faoi bhun sintéis trífhosfáit adanóisín (ATP). Roinn an bheirt Duais Nobel sa cheimic le Jens Skou i 1997 dá thoradh.