Paul Boyer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí a saolaíodh i bProvo, Utah is ea Paul Delos Boyer, a rugadh ar 31 Iúil 1918. Rinne sé taighde lena chomhghleacaí John Walker ar an meicníocht einsíme is bun le sintéis trífhosfáit adanóisín (ATP). De thoradh an tsaothair seo roinn siad Duais Nobel sa cheimic le Jens Skou i 1997.