John James Audubon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
John James Audubon

Éaneolaí is ealaíontóir a rugadh i Les Cayes i Háítí ab ea John James Audubon (26 Aibreán 1785 - 27 Eanáir 1851). D'fhoilsigh sé ina leabhar cáiliúil The Birds of America (Éin Mheiriceá, 1827-1838) figiúir dhaite de 1,065 éan, cuid mhaith díobh ar thomhas nádúrtha. Bunaíodh Cumann Náisiúnta Audubon i 1866 in onóir dó, cumann atá tiomnaithe do chaomhnú na n-éan i Meiriceá.