John Franklin Enders

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Micribitheolaí a rugadh i West Hartford, Connecticut ab ea John Franklin Enders (1897-1985). Rinne sé taighde tábhachtach ar an eitinn, ionfhabhtuithe niúmacocúla, agus ó 1948, polaimiailíteas. Roinn sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine le Frederick Robbins is Thomas Weller i 1954 as a dtaighde ar shaothrú víreas an pholaimiailítis i gcealla fíochán daonna, rud a bhrostaigh saothrú na vacsaíne i gcoinne polaimiailítis ag Jonas Salk. I 1962 cheap sé vacsaín i gcoinne na bruitíní.