Jump to content

John D'Alton (staraí)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn D'Alton

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1792
Contae na hIarmhí Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1867
74/75 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstaraí, ginealeolaí, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Dlíodóir, staraí, beathaisnéisí agus ginealaí Éireannach ab ea John D'Alton (17921867).[1]

I dteach a athar, William, Bessville, Co. na hIarmhí, 20 Meitheamh 1792, a rugadh é. Ba í Elizabeth Leyne a mháthair. Fuair sé oiliúint i scoil an Urramaigh Joseph Hutton i gCnoc an tSamhraidh, Baile Átha Cliath. D’éirigh leis i scrúdú iontrála Choláiste na Tríonóide agus gan é 14 bliain d’aois go fóill. Bhí sé ina mhac léinn san Choláiste sa bhliain 1808, bhí sé ina bhall de Chumann Staire an Choláiste, agus ghnóthaigh an duais na filíochta. Tar éis dó céim a bhainte amach,  glacadh é isteach mar mhac léinn dlí sa Teampall Láir, Londain, agus Óstaí an Rí, sa bhliain 1811. Ghlaodh chun bharra na hÉireann é sa bhliain 1813.

Ar cuaird an iarthair is mó a bhíodh sé, tar dó bean ó Cúige Chonnacht a phósadh, sé sin Catherine Philips ó Chluain Mór, Co. Mhaigh Eo. Toisc a fheabhas a bhí eolas ar chúrsaí ginealaigh aige bhí sé in ann airgead mór a thuilleamh i gcásanna áirithe sa chúirt. Mar shampla; Malone v. O'Connor, Leamy v. Smith, Jago v. Hungerford, srl.. Cé is moite de cheapachán mar choimisinéir Bhord an Chiste Iasachta (Béarla: Loan Fund Board), ní raibh seasamh oifigiúil aige, ach fuair sé aitheantas éigin nuair a dheonaíodh 'Pinsean an Liosta Sibhialta' de £50 air, nuair a bhí an Tiarna John Russell ina phríomh-aire

Sa bhliain 1814, scríobh sé an t-aircheadal 'Dermid or Erin in the Days of Brian Boroimhe', in dhá chanto dhéag, agus leabhar ar dhlíthe na ndeachúna. Sa bhliain 1827, bhuaigh sé bonn ón Acadamh Ríoga na hÉireann agus duais, Bonn Óir Cunninghamin le haghaidh a aiste History of Ireland from the earliest period to 1245 when the Annals of Boyle, which are adopted and embodied as the running text authority, terminate sa bhliain 1845. Bhuaigh sé duais eile ón Acadamh lena chuntas ar réimeas Anraí a II in Éirinn. Bhí sé ar choiste an Acadaimh agus deireann R.B. McDowell in ‘The Main narrative’ (The Royal Irish Academy: a bicentennial history 1785-1985, 1985 in eagar ag T. Ó Raifeartaigh) gur chaill sé a áit mar bhall den choiste toisc, más fíor, go ndúirt sé go raibh aiste Henry O’Brien ar na cloigthithe níos fearr ná aiste Petrie. Diúltaíodh dá éileamh go gcuirfí an toghchán ó bhailíocht. Bheartaigh an tAcadamh in 1842 tathant ar an rialtas leanúint le haistí na Suirbhéireachta Ordanáis agus bhí sé ina aghaidhsean. Deir G.F. Mitchell in The Royal Irish Academy: a bicentennial history 1785-1985, 1985 ‘Betham and John D’Alton (who was producing his own local histories) were in bitter opposition.’

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]