Jennifer Aniston
| Jennifer Aniston | |
|---|---|
| Ainm breithe | Jennifer Joanna Aniston |
| Breith | 11 Feabhra, 1969 |
| Sherman Oaks, California | |
| Náisiúntacht | Meiriceánach |
| Gairm | Aisteoir |
| Gníomhach | 1994 - anois |
| Gradaim | 1 SAG 1 Golden Globe |
| Céile | Brad Pitt (2000-05) |
Is aisteoir Meiriceánach í Jennifer Joanne Aniston (a rugadh ar an 11 Feabhra 1969 i Sherman Oaks, Los Angeles, California). Tá cáil bainte amach aici mar an gcarachtar Rachel Green ar an gclár teilifíse Friends. Phós sí an t-aisteoir Brad Pitt ar an 29 Iúil 2000, agus scar siad óna gcéile ar an 7 Eanáir 2005. Chuir Aniston isteach ar cholscaradh go hoifigiúil ar an 25 Márta 2005. Luaigh sí difríochtaí doréitithe.
Clár ábhair |
Saol agus Saothar [athraigh]
Tús a saoil [athraigh]
Is cosúil gur theastaigh ó athair Jennifer go mbeadh sí ina haisteoir cosúil leis féin, mar sin d’iarr sé ar Telly Savalas ("Kojak") a bheith ina athair baistí aici agus d’athraigh sé an sloinne a bhí ag an gclann ó Anastassakis go Aniston. Tar éis don chlann bliain amháin a chaitheamh ina gcónaí sa Ghréig, bhog siad ar ais go Nua-Eabhrac, áit a bhfuair athair Jennifer, John Aniston, pairt sa chlár Love of Life agus, níos déanaí, Search for Tomorrow. I 1985, bhog an chlann go Los Angeles nuair a fuair John Aniston páirt in Days of Our Lives.
Slí bheatha [athraigh]
D’fhreastail Jennifer ar an New York High School of Performing Arts sa bhliain 1987 agus bhí sí mar bhall den chlub drámaíochta ansin. D’fhás an dúil a bhí aici bheith ina haisteoir nuair a d’oibrigh sí sna léiriúchán For Dear Life agus Dancing on Checker's Grave. I 1989 bhog Jennifer go Hollywood agus fuair sí a céad pháirt teilifíse sa chlár teilifíse Molloy.
Sa bhliain 1994, d’iarr léiritheoirí cláir nua, Friends, ar Aniston triail a dhéanamh i gcomhair ról mar Monica Geller ach chuir sí ina luí orthu go mbeadh an carachtar Rachel Green i bhfad níb oiriúnaí di. D’oibrigh sí ar an gclár céanna sin go dtí gur tháinig deireadh leis sa bhliain 2004.
Tá Aniston tar éis bheith i go leor scannán de chuid Hollywood freisin, ina measc Picture Perfect, The Object of My Affection, Office Space, Rock Star, The Good Girl, Bruce Almighty agus Along Came Polly.
Gradaim [athraigh]
- 1995: Gradam Screen Actors Guild: Leiriú thar barr i sraithchlár grinn (Friends)
- 2002: Gradam Emmy: An t-aisteoir is fearr i sraithchlár grinn (Friends)
- 2003: Gradam Golden Globe: An t-aisteoir is fearr i sraithchlár grinn (Friends)
Scannán [athraigh]
| Bliain | Ainm | Ról |
|---|---|---|
| 1993 | Leprechaun | Tory Reding |
| 1996 | She's the One | Renee Fitzpatrick |
| 1996 | Dream for an Insomniac | Allison |
| 1997 | 'Til There Was You | Debbie |
| 1997 | Picture Perfect | Kate Mosley |
| 1998 | The Thin Pink Line | Clove |
| 1998 | Waiting for Woody | Herself |
| 1998 | The Object of My Affection | Nina Borowski |
| 1999 | Office Space | Joanna |
| 1999 | The Iron Giant | Annie Hughes |
| 2001 | Rock Star | Emily Poule |
| 2002 | The Good Girl | Justine Last |
| 2003 | Bruce Almighty | Grace Connelly |
| 2003 | Abby Singer | Herself |
| 2004 | Along Came Polly | Polly Prince |
| 2005 | Derailed | Lucinda Harris |
| 2005 | Rumor Has It... | Sarah Huttinger |
| 2006 | Friends with Money | Olivia |
| 2006 | The Break-Up | Brooke Meyers |
| 2008 | Marley & Me | Jenny Grogan |
| 2009 | He's Just Not That into You | Beth Murphy |
| 2009 | Management | Sue Claussen |
| 2009 | Love Happens | Eloise Chandler |
| 2009 | Journey to Sundance | Herself |
| 2010 | The Bounty Hunter | Nicole Hurly |
| 2010 | The Switch | Kassie Larson |
| 2011 | Just Go with It | Katherine Murphy |
| 2011 | Horrible Bosses | Dr. Julia Harris |
| 2012 | Wanderlust | Linda |
| 2013 | Unity | |
| 2013 | We're the Millers | Rose |
Teilifís [athraigh]
| Bhliain | Ainm | Páirt |
|---|---|---|
| 1990 | Molloy | Courtney |
| 1990 | Camp Cucamonga | Ava Schector |
| 1990– 1991 |
Ferris Bueller | Jeannie Bueller |
| 1992– 1993 |
The Edge | |
| 1994 | Muddling Through | Madeline Drego Cooper |
| 1994– 2004 |
Friends | Rachel Green |
| 1999 | South Park | Miss Stevens |
| 2004 | Growing Up Grizzly 2 |