Vince Vaughn
| Vince Vaughn | |
|---|---|
| Ainm breithe | Vincent Anthony Vaughn |
| Breith | 28 Márta, 1970 |
| Minneapolis, Minnesota, SAM | |
| Náisiúntacht | Meiriceánach |
| Gairm | Aisteoir |
| Gníomhach | 1988 – anois |
Is aisteoir Meiriceánach é Vincent Anthony "Vince" Vaughn , a rugadh ar an 28 Márta 1970. Fuirseoir, scríbhneoir scripteanna, agus léiritheoir scannán atá ann, chomh maith.
Rugadh Vaughn i Minneapolis i stát Minnesota, ach tógadh in Illinois é. Sharon Eileen (née DePalmo) an t-ainm a bhí ar a mháthair. As Hamilton, Ontario, Ceanada di. Bhí rath uirthi mar bhean gnó agus an-tionchar aici ar a mac. Vernon Lindsay Vaughn an t-ainm a bhí ar a athair.
Chuaigh Vince leis an aisteoireacht sna 1980í. Bhí mionrólanna teilifíse aige, ach ba é an scannán Swingers a thuill clú dó sa bhliain 1996. Bhí sé páirteach i scannáin éagsúla eile, mar shampla The Lost World: Jurassic Park, Old School, Starsky & Hutch, Dodgeball: A True Underdog Story, Couples Retreat, Mr. & Mrs. Smith, agus Wedding Crashers.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.