Jeff Sessions
Is é Jefferson Beauregard Sessions III (rugadh 24 Nollaig, 1946) Seanadóir na Stát Aontaithe shóisearach ó Alabama. Is ball den Pháirtí Poblachtach é agus in Alabama a chaith sé bunús a shaoil.
[athraigh] Luathsaol
Tógadh i Hybart, Alabama é. B'úinéir siopa tuaithe é a athair. Sa bhliain 1964 rinneadh Eagle Scout de. I ndiaidh dó críoch a chur lena chuid scolaíochta i gCamden, chuaigh Sessions go dtí Huntingdon College i Montgomery, Alabama agus bhain sé céim Baitsiléir Ealaíon amach sa bhliain 1969. Fuair sé céim Juris Doctor ó University of Alabama i 1973.
D'oibrigh Sessions mar aturnae ar dtús i Russellville, Alabama agus i Mobile, sa stát céanna, ina dhiaidh sin, áit a bhfuil sé ina chónaí anois. D'oibrigh sé sa chúltaca airm sna 1970í.
[athraigh] Slí bheatha pholaitiúil
Tar éis dhá bhliain mar fho-aturnae SA leis an Dúiche Theas in Alabama (1975-1977), fuair Sessions ainmniúchán ó Uachtarán Ronald Reagan i 1981 and bhí sé cinntithe ag an Seanad mar Aturnae SA don Dúiche Theas in Alabama, agus d'oibrigh sé ag an phost sín le 12 bliain. Bhí Sessions tofa mar Ard-Aighne Alabama i 1995, ag comhlíonadh go dtí 1997. I 1996 bhi sé tofa go dtí an Seanad na Stát Aonaithe. Bhí sé áth-tofa go héasca i 2002. Is Poblachtach coimeádach, ag baiceáil an seasamh Poblachtach ar gnóthaí eachtracha, cánacha agus beartas sóisialta. Cuireann sé i gcoinne ginmhilleadh agus tá sé faichilleach maidir le inimirce agus tráchtáil eachtrach. Lorgadh Sessions freisin teorannaigh cánacha agus caiteachas intíre. Is cosantóir do na fórsaí míleata é.