Jackson Pollock

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ealaíontóir a rugadh i gCody, Wyoming ab ea Paul Jackson Pollock (1912-1956). An chéad duine a chleacht an Phéintéireacht Ghníomhach i Meiriceá. D'fhorbair sé a chleachtadh ón Osréalachas go dtí ealaín theibí, agus thosaigh ar shilphéintéireacht i 1947. Lean sé leis an modh foréigneach oibre seo, go minic ar chanbháis an-mhóra cosúil le ceann cáiliúil, One (Aon, 1950), atá níos mó ná 5 m ar fhad.