Jack Bruce

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sár dhord ghiotáraí as Albain é John Symon Asher "Jack" Bruce (rugadh 14 Bealtaine 1943), cé go bhfuil cáil freisin air mar amhránaí agus seinnteoir pianó.

Chuir sé suim sa snagcheol ag aois óg agus d'fhág sé an "Royal Scottish Academy of Music and Drama" chun bheith ina sheinnteoir doird proifisiúnta. Bhí sé mar pháirt de go leor bannaí ach is dócha gurb é "Cream" le hEric Clapton agus Ginger Baker an banna is cailiúla a raibh sé ann. Scríobh sé (le Pete Brown) cuid de na hamhrain is mo le rá sna [60daí, ar nós Sunshine Of Your Love, White Room, I Feel Free, srl.

Tar éis Cream thaifead sé go leor albaim atá ar shár-chaighdean, cé nár bhaineadar an méid cáil amach fé mar a bhain Cream. Tar éis dó a theacht as droch thinneas ag tús an chéid seo tosaigh sé ag taifead arís, agus thaifead se albam nua le Robin Trower i 2007, "Seven Moons".

Tagairtí[athraigh | edit source]