Ispín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaIspín
Sonraí
Cineálcharcuterie (en) Aistrigh
Príomh-chomhábhairminced meat (en) Aistrigh, spíosra, blastán, salann, breiseán bia, sausage casing (en) Aistrigh, saill agus uisce
Carn mór ispíní

Is éard atá i gceist le ispín ná feoil mhionaithe (putóga muca go minic) agus spíosraí tríthi, measctha le grabhóga aráin de ghnáth, agus í dingthe isteach i máilín de scannán ainmhíoch (stéigeanna ullmhaithe ainmhithe) nó, níos coitianta anois, polaiméirí carbaihiodráite inite.[1][2]

Is féidir iad a ithe ina iomlán nó iad a ghearradh go mín, agus is féidir ispíní a ithe fuar nó te. Is féidir le hispíní a bheith fliuch (le cócaireacht) nó tirim (réidh le n-ithe, cosúil le salámaí). Má tá siad fliuch, friochtar iad go minic.

Bíonn cinn ann breac le spíosraí agus ábhair eile chun blas faoi leith a thabhairt dóibh.

Tá cáil ar thíortha éagsúla amhail An Ghearmáin agus An Spáinn de bharr na hispíní a dhéantar iontu.

Itear ispíní mar chuid de chuid na maidine in Éirinn, ach déanta na fírinne, itear i rith an lae.

Féach freisin    [cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "An Foclóir Beag: ispín" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2023-06-07.
  2. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).