Ionradú bia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Próiseas conspóideach ina n-ionradaítear bia le gámaradaíocht chun a sheilfré a mhéadú. Réimsí áirithe dáileoga radaíochta a bhíonn i gceist. Tomhaistear an dáileog i ngraeanna (Gy), arb ionann grae is giúl fuinneamh radaíochta ionsúite in aghaidh cileagraim den ábhar atá á radú. Úsáidtear dáileoga níos lú ná 1 kGy chun bachlú a chloí ar phrátaí is oinniúin, aibiú torthaí a mhoilliú, agus feithidí ar ghráinní is spíosraí a mharú. Chun baictéir is fungais a mhilleann bianna a laghdú, baintear feidhm as dáileoga 1-10 kGy. Déantar bianna a steiriliú go hiomlán, gach baictéar is víreas a mharú orthu, le dáileoga os cionn 10 kGy. Ní ghlacann an-chuid daoine leis an bpróiseas seo ar chor ar bith, mar go bhfuil eagla orthu go gcuirfidh an radú isteach ar fholláine nó sábháilteacht an bhia ar shlí éigin. Ní bhíonn an bia radaithe radaighníomhach, ach seans go gcuirfidh an radú isteach ar na vitimíní sa bhia agus go gcruthóidh sé fo-tháirgí a bheadh mífholláin, fiú nimhiúil. De bhrí nach féidir a rá ó chuma an bhia ar radaíodh nó nár radaíodh é, bíonn an-tóir ar thástáil a thabharfadh freagra na ceiste seo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ionradú bia". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 377.