Iolar maol

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Iolar mór, suas le 80-100 cm ar fhad, dúchasach do Mheiriceá Thuaidh is ea an t-iolar maol. I gcontúirt imeacht in éag sna 1960idí, ach tar éis tréaniarracht chaomhnaithe sna Stáit Aontaithe, tá na huimhreacha ag méadú. Faightear gar d'uisce é. Itheann sé éisc, éin is mamaigh. Tagraíonn a ainm don chlúmh bán ar a cheann is a scornach. Glacadh leis mar shiombail náisiúnta na Stát Aontaithe i 1782, agus tugtar an t-iolar Meiriceánach air freisin.