Iasc gorm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Iasc foghlach, forleathan i bhfarraigí trópaiceacha is teo-mheasartha. Suas le 1.2 m ar fhad. An cholainn gorm ar an taobh uachtarach, na cliatháin airgeadach. Maireann sé i scoileanna móra a itheann go craosach ainseabhaithe, sairdíní is éisc bheaga eile a bhíonn i scoileanna. Iasc suntasach bia, agus luachmhar freisin mar iasc spóirt.