Hugo de Vries

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Hugo de Vries, t. 1907

Hugo Marie de Vries (16 Feabhra 1848-21 Bealtaine 1935), bitheolaí Ollannach a bhí i measc an triúir (féach freisin ar Carl Correns agus Erich von Tschermak) - a tháinig ar obair Gregor Mendel ar ghéineolaíocht i 1900 don athuair. Fuair De Vries a chuid oideachais in ollscoileanna Leiden, Heidelberg agus Würzburg. Ba ollamh le luibheolaíocht é in Ollscoil Amsterdam in 1878.