Huartan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaHuartan
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata

Instagram: huartan_ Youtube: UCcZVksAzeSVlW3zNlwZSmJw Bandcamp: huartan Souncloud: anarres-594428983 Spotify: 492uuTznmL6pAAXzOzlUh8 iTunes: 1726824228 Deezer: 251435492 Cuir in eagar ar Wikidata

Is banna ceoil Tradtronica iad Huartan atá lonnaithe i mBéal Feirste agus a cheolann go hiomlán i nGaeilge.

Dar leis an mbanna ceoil is focal é Huartan a chiallaíon ‘draíocht na sceiche gile’ a chuimsíonn ‘uafás agus teacht le chéile'. Bhuail an banna ceoil le chéile ar dtús sa Hawthorn Bar ar Bhóthar na bhFál. Tá an banna comhdhéanta de thriúr ceoltóirí agus amhránaithe, Stiofán Loughran, Miadhachlughain (Múlú) O’Donnell agus Catriona Ní Ghribín.

"...Is é an sprioc atá againn amhráin thraidisiúnta atá i mbaol a ghlacadh agus iad a chur i gcomhthéacs an cheoil damhsa leictreonaigh chun iad a roinnt le lucht éisteachta an lae inniu. Tá aeistéitic ár mbanna ceoil corraitheach agus draíochtúil, agus bímid ag seinnt le maisc sa stíl phágánach, chun go mbeidh mistéir ag baint linn agus chun eagla a spreagadh, agus bíonn damhsóirí againn gléasta mar an Reithe agus an Mhór-Ríoghain. Léiríonn an beirt bhan tosaigh “an solas agus an dorchadas” agus an caidreamh teannta idir na foinsí fuinnimh seo."[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Huartan — Cé hiad?" (2023-08-16). Dáta rochtana: 2023-08-17.