Hothouse Flowers

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaHothouse Flowers
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálracbhanna Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1985
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1985 –
Lipéad ceoilLondon Recordings Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraRac malartach Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

IMDB: nm2087141 Twitter: hothouseflowers Bandcamp: hothouseflowers Souncloud: hothouse-flowers Spotify: 2szQRWh2F0RUs9bkbepwok iTunes: 13410525 Musicbrainz: 9ddb555e-4cf2-4d76-a9d5-7627988cf6ab Songkick: 123360 Discogs: 151755 Allmusic: mn0000825387 Deezer: 64172 Cuir in eagar ar Wikidata

Is ceann de na bannaí ceoil is aitheanta agus is mó le rá in Éirinn é na Hothouse Flowers. Tá an Ghaeilge, cultúr na hÉireann, sochaí Bhaile Átha Cliath agus an buanchairdeas fite fuaite go smior i scéal na Flowers.[1][2] Áirítear iad mar cheann de na grúpaí Éireannacha is rathúla.[3][4][5]

Liam Ó Maonlaí, 1900
"Liam Ó Maonlaí, 2007

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í an mheánscoil Coláiste Eoin i mBÁC an áit ar chuir Liam Ó Maonlaí agus Fiachra Ó Braonáin aithne ar a chéile den chéad uair. Bhí seoid de sheisiún ceoil ansin ag na fir i gceann dá seanseomraí ranga, agus iad i dteannta ceoltóirí eile, iarchomhscoláirí Choláiste Eoin.

Bhí an cáil amuigh orthu, i rith a gcuid ama sa scoil, go gcaithidís a gcuid deireadh seachtainí ag buscáil ar sráideanna chathair Bhaile Átha Cliath mar "The Incomparable Benzini Brothers". D'éirigh go sár-mhaith leo, agus bhuadar gradam do shiamsaíocht sráide laistigh de bhliain.

Is i seó tallainne scoile ‘Slógadh’ (Gael Linn) a cuireadh an banna ceoil i láthair den chéad uair riamh, sa bhliain 1985.

Ní go dtí gur tháinig tríú ball, Peter O'Toole, i gcuideachta na beirte gur athainmníodh an bhanna mar "Hothouse Flowers". Is ag an tráth seo a bhláthaigh an banna ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta

Sa bhliain 1988, tugadh cuireadh dóibh a bheith mar sheó an tsosa ag comórtas Eurofíse 1988. agus chan siad os comhair 600 milliún duine. Níor chuileachta go dtí é agus dhein sé cáil na Flowers a scaipeadh. Ina dhiaidh sin bhí taispeántas ar Top of the Pops. D'eisigh siad a gcéad albam sa bhliain chéanna. Thug siad 'People’ ar an gcéad albam sin.[6]

Bhí na Flowers ar a gcamchuairt in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe le linn 2023, camchuairt a bhí díolta amach.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Clár faisnéise RTÉ, 2024, 'Hothouse Flowers: Stick around and laugh a while',

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. RTÉ (2024-03-11). "Hothouse Flowers - scannán bríomhar fuinniúil" (as ga-IE). 
  2. Katie Whelan / RTÉ (2024-03-15). "Fréamhacha, fás agus flúirse: Forbairt na Hothouse Flowers" (as ga-IE). 
  3. Breandán M Mac Gearailt (21 Márta 2024). "Clár álainn maoithneach faoi bhláthú na Flowers a d’fhás i ngaelcholáiste" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-21.
  4. RTÉ (2024-03-11). "Hothouse Flowers - scannán bríomhar fuinniúil" (as ga-IE). 
  5. Katie Whelan / RTÉ (2024-03-15). "Fréamhacha, fás agus flúirse: Forbairt na Hothouse Flowers" (as ga-IE). 
  6. 6.0 6.1 Breandán M Mac Gearailt (21 Márta 2024). "Clár álainn maoithneach faoi bhláthú na Flowers a d’fhás i ngaelcholáiste" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-21.