Hormón fáis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
HGH (= Human Growth Hormone).

Is éard is hormón fáis[1] ann ná hormón, ar polaipeiptíd é, a thálann maothán tosaigh na faireoige piotútaí i veirteabraigh a bhfuil gialla acu. Spreagann sé fás na colainne trína iarmhairtí ar mheitibileacht próitéiní, carbaihiodráití is lipidí. Bíonn sé sainiúil don speiceas ina ghníomhaíochtaí. Más mínormálta a thál, is féidir go dtarlóidh abhcacht, fathacht, nó anchuma aghaidhe, lámh is cos.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “hormón fáis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-28.
  2. Hussey, Matt (2011). "Hormón fáis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 353.