Abhcacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Neamhord fáis mhoillithe i bpáistí is ea abhcacht. Is féidir go mbeidh cúiseanna éagsúla léi, ina measc iarmhairtí géiniteacha (mar shampla, acondrapláise) agus neamhchothroime hormónach, go háirithe uireasa hormóin thíoróidigh is hormóin fáis, is/nó tál breise téististéaróin (a chuireann críoch neamhaibí le fás chinn na gcnámh is a bhfás líneach). Is féidir go mbeidh uireasa cothaithe, míchothúraicíteas, nó tinneas ainsealach ginearálta mar chúis léi freisin.