An Hiondúis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Hiondúis (हिन्दी, हिंदी) | |
|---|---|
| Á labhairt: | India, Neipeal, Fidsí, An Phacastáin, Oileán Mhuirís, Suranam |
| Réigiún: | Deisceart na hÁise |
| Cainteoirí san Iomlán: | 500–680 milliún |
| Rang: | 2 |
| Líne ghinealaigh: | |
| Stádas Oifigiúil | |
| Teanga Oifigiúil: | na hIndia, Fidsí |
| Foras Pleanála Teanga: | Kendriya Hindi Nideshalaya |
| Cóid teangeolaíocha | |
| ISO 639-1 | hi |
| ISO 639-2 | hin |
| ISO 639-3 | hin |
| Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha | |
Is teanga Ind-Eorpach í an Hiondúis (हिन्दी, हिंदी) a labhraítear go forleathan i dtuaisceart agus i lár na hIndia, ar fud "chrios na Hiondúise". Bíonn na canúintí an-éagsúil le chéile ó am go ham, agus is deacair a rá go minic, cé acu canúint Hiondúise atá á labhairt i réigiún áirithe, nó teanga neamhspleách. Glactar leis go bhfuil leagan éigin den Hiondúis ó dhúchas ag 41 % de mhuintir na hIndia.
An chanúint is bun leis an Hiondúis Chaighdeánach, tugtar Khari Boli uirthi. Tá an chanúint seo á labhairt go nádúrtha in Iarthar Uttar Pradesh. Tá caighdeán na hUrdaise bunaithe ar an gcanúint chéanna, agus mar sin, is ionann iad an Urdais agus an Hiondúis ó thaobh na teanga labhartha de. Úsáidtear an aibítir Arabach leis an Urdais a scríobh, agus an aibítir Dhéiveanágrach leis an Hiondúis a bhreacadh síos. Thairis sin, measctar focail Araibise agus Pheirsise tríd an leagan scríofa den Urdais, agus lucht na Hiondúise i dtuilleamaí na Sanscraite le blas ar leith a chur ar a dteanga féin.
Uaireanta, tugtar Hiondústáinis ar an gcineál Hiondúise/Urdaise a labhraíonn an chosmhuintir, cibé cé acu Hiondúigh nó Muslamaigh iad.