Herman Cain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Herman Cain

Feidhmeannach gnó Meiriceánach atá in Herman Cain (a rugadh ar 13 Nollaig 1945). Mar uachtarán an chomhlachta Godfather’s Pizza, de chuid an mhórchomhlachta úd Pillsbury, a bhfuil aithne air, ach d’éirigh leis i neart gnéithe eile dá shaol óna chuid staidéar ar an matamaitic san ollscoil go dtí craoladh a chuid smaointeoireachta ar na meáin chumarsáide. Faoi láthair, tá Cain ar lorg ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtaigh don uachtaránacht sa toghchán ginearálta sa bhliain 2012. Tá Cain ar an mbeirt atá chun tosaigh sna pobalbhreitheanna i measc daoine a chlaonann i dtreo an Pháirtí Poblachtánaigh: i nginearálta, d'éirigh go maith le Cain i measc lucht an "Tea Party" i gcomparáid le Mitt Romney, a dhéanann go maith i measc na bPoblachtánach tráidisiúnta.

I Memphis, Tennessee a rugadh Herman Cain ach ba in Atlanta, Georgia a d’fhás sé aníos. Ba iad Lenora Cain (née Davis) agus Luther Cain, Jr. a thuismitheoirí. Obair uiríseal a rinne siad ach d’éirigh leo a dteach féin a cheannach. Teaghlach "bocht sonasach" iad dar le Cain.

Ar 21 Bealtaine 2011, d’fhógair Cain go hoifigiúil go raibh sé ar lorg ainmniúcháin an Pháirtí Phoblachtaigh don uachtaránacht, cé nár toghadh é riamh do phost polaitiúil. Cuid thábhachtach san fheachtas sin aige ná an Plean 9-9-9 sin aige. Faoin bplean úd, d’íocfadh gnólachtaí 9% as a gcuid gnóthaí mar cháin, d’íocfadh daoine 9% mar cháin ioncaim phearsanta agus d’íocfaí 9% mar cháin náisiúnta ar dhíolacháin. Go déanach sa bhliain 2011, cuireadh roinnt ban mí-iompar gnéasach ina leith.[1] Ar an 3 Nollaig 2011, i ndiaidh titim dó sna pobalbhreitheanna, chuir Herman Cain a fheachtas uachtaránachta ar ceal.

[athraigh] Tagairtí


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile