Harry Houdini
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Doilfeoir, draíodóir, éachtóir agus éalú-eolaí ab ea é Harry Houdini. Rugadh faoin ainm Ehrich Weisz (leagan eile: Erich Weiss) é i mBudapest san Ungáir ar an 24 Márta 1874, agus d'éag sé ar an 31 Deireadh Fómhair 1926.
Giúdach Ungáireach ab ea é Ehrich Weisz, agus chuaigh sé ar imirce go Meiriceá in éineacht lena thuismitheoirí agus lena chuid deartháracha nuair a bhí sé ceithre bliana d'aois. Shocraigh an teaghlach síos in Appleton i stát Wisconsin, áit a raibh a athair ag obair ina raibí. B'éigean don teaghlach aistriú go Nua-Eabhrac nuair a bhí Ehrich ina dhéagóir.
Bhí Ehrich ag cleachtadh ealaíona éagsúla sorcais ó bhí sé óg, agus sa bhliain 1893, chuir sé suim sa doilfeoireacht agus sa draíodóireacht. B'ansin a thosaigh sé ag tabhairt Harry Houdini air féin. Bhí a chuid cairde ag tabhairt "Harry" air le fada - bhí sé ní b'fhusa le fuaimniú ná "Ehrie" - agus fuair sé an sloinne ó Jean Eugène Robert-Houdin, doilfeoir Francach a mhair sa naoú haois déag. Ar dtús, bhí sé ag cleachtadh cleasanna cártaí den chineál thraidisiúnta, ach ní raibh mórán ratha air san obair sin. Nuair a chuaigh sé le héalú-eolaíocht, áfach, d'éirigh leis go gleoite.
Sa bhliain 1893, casadh bean óg, Bess Rahmer, air i gConey Island, a bhí ina healaíontóir stáitse chomh maith leis féin. Phós sé Bess, agus bhí sí ina cúntóir stáitse aige an chuid eile dá shaol.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.

