Gunna Sten

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Meaisínghunna 9 mm caighdeánach arm na Breataine ó 1942. Gunna saor storrúil, agus rinneadh an-chuid díobh. Tagann an t-ainm ón mbeirt dearthóirí, Reginald Shepherd is Harold Turpin, agus ón monarcha in Enfield Shasana mar a ndéantaí é.