Geiteo Vitebsk

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Séadchomhartha san gheiteo i Vitebsk

Ní rófhada a mhair an geiteo i mbaile Vitebsk atá suite sa lá atá inniu ann sa Bhealarúis. Cruthaíodh é go gairid tar éis ionradh na Gearmáine ar an Aontas Sóivéadach ; díreach tar éis do na Naitsithe smacht a fháil ar an mbaile an 11 Iúil 1941.

Bhí timpeall 16,000 Giúdach ina gcónaí sa gheiteo.[1] I mí Dheireadh Fómhair, dhearbhaigh riarthóirí na Naitsithe gur chruthaigh na droch-choinníollacha sa gheiteo guais sláinte d’áitritheoirí áitiúla agus go raibh eipidéim tosaithe sa gheiteo; i ndáiríre, ba ar chúis bhréige an dearbhú seo chun na nGiúdach a bhogadh agus a mharú. Níos lú ná trí mhí ina dhiaidh sin, an 8 Deireadh Fómhair 1941, chuir na Naitsithe tús le sléachtna nGiúdach i Vitebsk, a chríochnaigh ar 11 Deireadh Fómhair le básanna fhormhór áitritheoirí an gheiteo (athraíonn na foinsí maidir leis an líon cruinn).[2] Diúscraíodh go leor corp san abhainn Vitba in aice láimhe.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Uileloscadh sa Bhealarúis

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Alexander Kott, Elisheva Kott A Wedding in Darkness: One Life in the Twilight of Russian Jewish History 2003 p.122 "Grune and her two remaining children were interned in the Vitebsk ghetto together with 16,000 other Jews. The ghetto was established in the area of the Vitebsk railway station and surrounded by wire fences. "
  2. Peter Longerich Holocaust: The Nazi Persecution and Murder of the Jews 2010 p.223 "Thus, to name only the most significant places, the Vitebsk ghetto was cleared between 8 and 10 October and 4090 Jews were shot (according to reports by Einsatzkommando 9)" - but another source puts this 4,090 at December 1941

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]