Gavin Robinson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGavin Robinson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith22 Samhain 1984
39 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Ball den 58ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
12 Nollaig 2019 –

Toghcheantar: Béal Feirste Thoir

Ball den 57ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
8 Meitheamh 2017 – 6 Samhain 2019 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Béal Feirste Thoir

Ball den 56ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
7 Bealtaine 2015 – 3 Bealtaine 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Béal Feirste Thoir

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste
Grosvenor Grammar School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmabhcóide, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Aontachtach Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Facebook: GRobinsonDUP Twitter: GRobinsonDUP Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir de chuid Thuaisceart Éireann é Gavin James Robinson a rugadh ar an 22 Samhain, 1984. I mí Bealtaine 2015, bhí sé tofa don chéad uair mar theachta parlaiminte do Bhéal Feirste Thoir.

Is é an té sa DUP is mó a bhfuil cáil na measarthachta air.[1]

Toghadh Robinson mar leascheannaire an DUP in 2023.[2]

2012, ard-mhéara Bhéal Feirste 2012–2013
2017

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Robinson cáilithe mar abhcóide agus bhain sé céim mháistreachta amach i bpolaitíocht na hÉireann.

Ard-mhéara Bhéal Feirste ba ea Robinson le linn 2012–2013.

In 2015 thóg Robinson suíochán an pháirtí i mBéal Feirste Thoir ‘ar ais’ ó Naomi Long, Alliance.[3]

In 2018, den chéad uair thacaigh an DUP le ceansú na dtinte cnámh, agus Robinson meáite de nár mhór an pobal a chosaint.[4]

In 2019 choinnigh Gavin Robinson a shuíochán in oirthear Bhéal Feirste le móramh laghdaithe agus in ainneoin dianiomaíochta ó Naomi Long aon uair amháin eile.[5]

Níl aon ghaol aige lena réamhtheachtaí in oirthear Bhéal Feirste Peter Robinson, ach dúirt sé in 2021 go n-aontaíonn sé leis gur cheart don DUP a bheith ag ullmhú do phobalbhreith faoin teorainn.

D'éirigh Jeffrey Donaldson as an cheannaireacht ar 29 Márta 2024 nuair a chúisíodh é i gcionta gnéis agus ceapadh Robinson, leascheannaire an pháirtí ag an am, mar cheannaire eatramhach.[6][7]

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 2014, nuair a bhí Robinson ina chomhairleoir cathrach, dúirt sé go raibh roinnt nathanna cainte Gaeilge aige. Bhain sé úsáid an uair sin as an téarma Leas-Ardmhéara. Ní bhíonn nathanna cainte Gaeilge “ag déanamh scime” dó. Dúirt sé ag an gcruinniú céanna áfach nach raibh sa Ghaeilge ach “caitheamh aimsire” agus nár cheart airgead a chur amú uirthi.[1]

In 2021, dúirt Robinson nach raibh locht ar bith ar an nGaeilge dóibh sin a raibh dúil acu inti fhad is nach mbeifí á sacadh síos in ár scornacha ar an gcuid eile againn.[8]

In 2022, dúirt Robinson go raibh “dochar mór” déanta ag rith na reachtaíochta don obair a rinneadh roimh an gcomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua[9] chun na páirtithe i dTuaisceart Éireann a thabhairt le chéile.

Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Robinson pósta le Lindsay agus páiste amháin acu, Reuben.[10]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Póilín Ní Chiaráin (30 Aibreán 2021). "‘Tá roinnt nathanna Gaeilge agam’ – na polaiteoirí atá á lua le ceannaireacht an DUP" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-29.
  2. Póilín Ní Chiaráin (14 Meitheamh 2023). "Seans ann go mbainfidh cogadh cathartha na gCaomhach tuisle eile as an DUP" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-29.
  3. Póilín Ní Chiaráin (31 Bealtaine 2017). "TOGHCHÁN WESTMINSTER: Treánionsaí á dhéanamh ar dhá shuíochán de chuid an DUP i mBéal Feirste" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-29.
  4. Póilín Ní Chiaráin (15 Iúil 2018). "Loscadh agus réabadh – seachtain ó thuaidh 20 bliain tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-29.
  5. "Aontachtaigh ag dul go Westminster ina mionlach den chéad uair le 100 bliain" (ga-IE). Tuairisc.ie (2019-12-15). Dáta rochtana: 2024-03-29.
  6. Nuacht RTÉ (2024-03-29). "Ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson cúisithe i gcionta gnéis" (as ga-IE). 
  7. "Jeffrey Donaldson éirithe as an DUP agus é cúisithe as líomhaintí gnéis" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-29). Dáta rochtana: 2024-03-29.
  8. Póilín Ní Chiaráin (1 Lúnasa 2021). "Seans go bhfuil siad bródúil as a bhfeachtas in aghaidh aisling na naíscoile Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-29.
  9. "Ré nua, an seanchur chuige céanna" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-01-12). Dáta rochtana: 2024-03-29.
  10. SARAH SCOTT (2016-01-17). "Courageous mum struck by postnatal depression shares her experiences" (en). The Mirror. Dáta rochtana: 2024-03-29.