Garrett Sheehan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGarrett Sheehan
Beathaisnéis
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdlíodóir, breitheamh Cuir in eagar ar Wikidata

Is iarbhreitheamh de chuid na Cúirte Achomhairc é Garrett Sheehan. Cheap an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn é chun téarma sé bliana mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, le héifeacht ón 9 Nollaig 2020. Ba mar dhlíodóir a chuir Garrett Sheehan tús lena ghairm bheatha mar aturnae sa bhliain 1969. Ceapadh é chun na hArd-Chúirte sa bhliain 2007, agus chun na Cúirte Achomhairc sa bhliain 2014, mar ar fhóin sé go dtí go ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 2017. Fuair sé a chuid oideachais ollscoile in gColáiste na hOllscoile, BÁC agus d'fhreastail sé ar Óstaí an Rí.